jump to content
Theme Icon

Bio-Check UK Ltd, in Bin Ollscoil Bangor agus in Institiúid Náisiúnta Tyndall, Corcaigh, Éire

Is ag dúl i méid atá AILLÉIRGÍ agus léirigh básanna ardphróifíle an tábhachtacht a bhaineann le déantúsóirí bia, lónadóirí, agus miondíoltóirí ábhar a gcuid táirgí a chinntiú.

Mar thoradh air sin, tá éileamh ann ar threalamh braite ailléirgin bia agus tá comhlacht sa Bhreatain Bheag tar éis teacht le chéile le heolaithe chun a réimse féin de threalaimh mhearthástala a fheabhsú, atá cosúil le tástáil um thoirchis.

St Asaph-based Bio-Check (UK) Ltd in ann anois nanacháithníní órbhrataithe a dhéanamh, rud a úsáidtear i ndéantúsaíocht na dtrealamh seo, seachas iad a lorg ar chostas mór in áit eile.

Tá na nanacháithníní mar chomhartha ar ailléirgín díreach mar a dhéanann an líne i dtástáil um thoirchis dhearfach.

An tionscadal leis an nGréasán Ceilteach um Ard-Eolaíochtaí na Beatha (CALIN) in Ollscoil Bangor agus in Institiúid Náisiúnta Tyndall, Corcaigh, Éire a chuidigh le táirgeadh agus méadú a dhéanamh ar ullmhú inmheánach nanacháithníní, chun freastal ar an éileamh atá imithe i méid.

Táirgtear go hinmheánach na trealaimh ansin agus amhábhair shimplí atá ar fáil go héasca in úsáid.

‘’Déanaimid tástáil ar ailléirgín mar phis talún, bainne agus próitéiní uibheacha agus glútan gránach sa bhia’’ arsa Phil Goodwin, stiúrthóir bainistíochta Bio-Check.

‘’Tá miondíoltóirí agus déantúsóirí ar a ndícheall agus an ceart acu chun an rud ceart a dhéanamh agus déanaimid iarracht na tástálacha a dhéanamh chomh tapa, chomh simplí, ach chomh héifeachtach agus is féidir linn.

‘’Táirgímid na céadta tástalacha in aghaidh na bliana agus tá an próiseas ar éirigh le CALIN a fhionnachtain a chuimsiú inár ngnáthaimh déantúsaíochta.

‘’Tá laghdú suntasach ar ár gcuid costas dá bharr mar cé gur próiseas níos casta é ná an cineál a cheannaímis go dtí seo, tá sé i bhfad níos inscálaithe. Rath nach beag dúinn ab ea é seo.”

Tá blianta fada taithí ag Bio-Check cheana féin ar thástáil dhiagnóiseach in vitro le haghaidh diagnóisice agus taighde leighis, anailíse cógaisíochta agus feidhmeanna tástála bia agus é beartaithe aige tabhairt faoi dhiagnóisic tréidliachta.

Ach nuair a bhaintear úsáid as eolas agus scileanna in Ollscoil Bangor - mar a ndéantar speisialú ar bhithbhraiteoirí, gléasanna diagnóiseacha agus úsáid nanacháithníní - i dteannta le saineolas Tyndall ar nana-bhiteicneolaíocht agus nana-ghléasanna,d;éirigh leo an chéad chéim eile a thógáil chun príomhphróisis a idirmheánú agus a mhéadú.

Rinneadh an tionscadal faoi stiúir ghrúpa taighde Dr Chris Gwenin in Ollscoil Bangor ag úsáid a gcuid smaointe agus saineolais chun teacht ar réiteach rathúil.

Comhoibriú le CALIN a thógáil inniu
 

tosaigh do chomhoibriú...