jump to content
Theme Icon

Valitacell Ltd, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus in Ollscoil Swansea

Tá déantóirí drugaí a bhfuil baint acu le teiripe ceall in ann a gcuid táirgí a dhéanamh níos tapúla agus níos saoire agus úsáid á baint acu as teicneolaíocht a dhéanann cáilíocht na gceall a mhonatóiriú tríd an bpróiseas déantúsaíochta.

Cealla atá sna gaschealla is féidir a fhorbairt mar go leor cineálacha éagsúla de chealla agus sa chuid is mó de na cásanna, úsáidtear teiripe ceall chun galair a chóireáil eadhon oisté-airtríteas nach féidir a chóireáil le leigheas nua-aimseartha.  Tógtar na cealla de ghnáth ón smior cnámh nó fíochán saille agus leathnaítear iad. Tá tréithe imdhíon-mhodhnóra nó frith-athlastach ag na cealla seo a chothaíonn cneasú agus athghiniúint fíochán.  Tá méarlorgaireacht ChemStress, arna forbairt ag Valitacell, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, mar uirlis ar féidir úsáid a bhaint aisti chun feidhm ceall a thréitiú agus an próiseas leathnaithe a optamú.

Valitacell ag obair le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh ar thionscadal tríd an Gréasán Ceilteach um Ard-Eolaíocht na Beatha.  Go dtí anois, bhí bac ar aistriú teiripí gascheall toisc prótacail chaighdeánaithe agus bhailíochtaithe um dhearbhú cáilíochta sa déantúsaíocht a bheith gann.  Dúirt an Dr Stephanie Davies, ceann eolaíocht na teiripe ceall in Valitacell, ‘’Caithfidh na cealla bheith leathnaithe mar nach féidir ach méid an-bheag díobh a bhailiú ó dheontóirí.

‘’Agus sampla a bheith bailithe agat ó dheontóir, ní mór duit iad seo a leathnú chun na milliúin cealla a theastaíonn le haghaidh cóireála.

‘’Soláthraíonn ChemStress tomhas maidir le feidhm chille. Cuid mhaith de na huirlisí tréithrithe reatha, ní thugann siad aon léiriú ar fheidhm chille agus fiú na huirlisí a dhéanann amhlaidh is deacair iad a chaighdeánú.

‘’Is féidir é seo a uathoibriú go furasta ach úsáid a bhaint as róbait a dhéanann leacht a láimhseáil agus crua-earraí comónta. Baineann buntáistí móra le huathoibriú i ndéantúsaíocht ceall mar go laghdaíonn sé an riosca a bhaineann le héiliú, earráid dhaonna agus éagsúlacht an táirge.

Dúirt an tOllamh Frank Barry ó REMEDI in OÉ Gaillimh: “eiseamláir iontach is ea an comhoibriú le Vitacell den tábhacht a bhaineann le tacú ó CALIN le cuideachtaí nuathionscanta agus iad ag forbairt a gcuid teicneolaíochta chun freastal ar éilimh na tionsclaíochta.”

‘’Táimid an-sásta gach ar féidir linn a dhéanamh chun ár gcuid saineolais a cur ar fáil do chomhlachtaí má chabhraíonn sé leo a bheith rathúil.”

Comhoibriú le CALIN a thógáil inniu
 

tosaigh do chomhoibriú...